Published by Tuairisc
Seo chugaibh ‘AN POD SPÓRT’, podchraoladh ina ndéantar plé i nGaeilge ar chúrsaí spóirt.
Listen on Apple Podcasts53 min
Tá an t-iriseoir ó Mhaigh Eo, Póilín Ní Chiaráin, le criú an ‘An Pod Spóirt’ chun labhairt ar bhua stairiúil a contae dúchaisi gcraobh na hÉireann. Pléitear chomh maith craobh peile na bliana seo agus cluichí ceannais chraobhacha na mban an deireadh seachtaine seo Tá Póilín Ní Chiaráin i dteannta Darren, Pádraic agus Dara san eagrán deireanach sa tsraith seo de ‘An Pod Spóirt’ chun féachaint siar ar lá na fuascailte do Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite nuair a bhuaigh siad craobhna hÉireann den chéad uair le 75 bliain. Tugann Póilín blaiseadh dúinn den cheiliúradh i Maigh Eo le seachtain agus caitear súil siar ar an gcluiche stairiúil in aghaidh Chiarraí agus ar na deora áthais a lean i bPáirc an Chrócaigh. Cuimhnítear chomh maith ar na daoine nár mhair chun slánú Mhaigh Eo a fheiceáil agus labhraítear ar an misneach a thabharfaidh an bua don chontae. Deir Pádraic, an Gaillimheach inár measc, go raibh áthas air féin fáil amach agus Maigh Eo ag déanamh ar cheann scríbe, go raibh a leithéid de rud is croí ann! Pléitear freisin buaicphointí Chraobh Peile na hÉireann 2026, na buaicphointí agus na ceachtanna atá le foghlaim. Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
50 min
Caitheann Darren, Pádraic agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide súil chun cinn ar chluiche ceannais chraobh peile na hÉireann a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh. Agus Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo caitear súil ar na gnéithe is tábhachtaí den choimhlint mhór, ó pháirc na himeartha go dtí na dúshláin shíceolaíochta agus phraiticiúla a bhaineann le cluiche ceannais. Pléitear chomh maith an ceangal a bhíonn idir cluichí ceannais iomána agus peile na hÉireann agus an ceacht mór a bhí le foghlaim ó thaispeántas Luimnigh in aghaidh na Gaillimhe an tseachtain seo caite. Deir Dara linn go mbíonn muintir Chiarraí cáiréiseach roimh chluichí ceannais mar go bhfuil oiread sin acu caillte acu. Ach deir sé go bhfuil sé in am deireadh a chur leis an ‘dhera’ agus géilleadh don fhianaise lom os ár gcomhair. Deir sé gur chruthaigh sárthaispeántas Luimnigh an tseachtain seo caite gur minice ná a mhalairt gurb iad na neamhiontais a bhuann na cluichí móra agus go mb’fhéidir go mbeidh Maigh Eo ag brath an iomarca ar na hiontais a d’fhéadfadh tarlú an Domhnach seo. Pléitear plean trí bliana bhainisteoir Mhaigh Eo Andy Moran, sárchumas Kobe McDonald agus David Clifford agus cé a bheidh á marcáil. An dtosóidh captaen Chiarraí Paul Geaney? Cá bhfuil buaic imreoirí óga Mhaigh Eo? An bhfuil laigí i gcóras cosanta Chiarraí agus an bhfuil tobar an áidh tráite acu? Tráchtar ar deireadh ar an mbriseadh croí a bhaineann le cluiche ceannais a chailliúint. Trí lá a chaith Dara ag siúl i bPáirc Náisiúnta Chill Airne ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar theip Chiarraí in 2023. Deir Pádraic, Gaillimheach go smior, gur ag triall ar an bpáirc chéanna a bheidh sé féin má bhíonn an bua ag Maigh Eo Dé Domhnaigh! Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
36 min
San eagrán speisialta breise seo de An Pod Spórt, chuireamar Mártan Ó Ciardha, Gaillimheach agus sárchraoltóir agus sárscríbhneoir agus Gearóid Ó Tuthaigh, Luimníoch agus duine de na staraithe is fearr in Éirinn, ag caint lena cheile faoi chluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh idir Luimneach agus Gaillimh, faoi stair na hiomána sa dá chontae agus go leor eile. Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
1 hr 1 min
Ar an eagrán speisialta seo de An Pod Spórt, caitear súil chun cinn ar chluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh idir Luimneach agus an Ghaillimh. Tá John Allen, Corcaíoch, iarbhainisteoir agus iarimreoir, agus Mark Foley, Luimníoch, iarlaoch agus All Star in éineacht le Seán Tadhg agus Pádraic chun na ceisteanna móra go léir a phlé. Caitear súil ghrinn ar chóras daingean imeartha na Gaillimhe. An mbrisfidh Luimneach le nós chun dul i ngleic leis nó an bhfanfaidh siad dílis don chóras a bhfuil oiread sin buaite aige dóibh? An mbláthóidh imreoirí óga na Gaillimhe ar an ardán mór nó an mbeidh an iomarca taithí ag Luimneach dóibh? Cé a thosóidh? Cé a rachaidh ag marcáil cé? Cluiche an-teaicticiúil atá á thuar ach an mar sin a bheidh nuair a bheidh an crú ar an tairne? Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
49 min
Caitheann Darren, Pádraic agus Dara súil chun cinn ar bhabhta leathcheannais na chraobh peile na hÉireann – Contae an Lú in aghaidh Mhaigh Eo agus Ciarraí in aghaidh Átha Cliath. Cé a bheidh buacach agus cé a bheidh caillteach? Pléitear cén fáth gur fíor anois an seanchlíche gur ag brath ar thoradh na coimhlinte lár an ghoirt a bhíonn na cluichí. Agus contae Lú i gcluiche leathcheannais na hÉireann den chéad uair ó 1957 an gcuirfidh a n-eapsa taithí ar an lá mór as d’fhoireann Gavin Devlin? Agus cad faoi réalta óg Mhaigh Eo Kobe McDonald? An bhfuil sé déanta don ardán mór? Ní rófhada ó shin ó bhí Andy Moran, bainisteoir Mhaigh Eo, ag caint faoi phlean trí bliana agus is beag duine a cheap go mbeadh contae Lú, agus iad sáinnithe i Roinn 2 na sraithe, i ngiorracht scread asail de chluiche ceannais na hÉireann? Agus deis ghlórmhar gan choinne ag an dá chontae áit a bhaint amach sa chluiche ceannais, cé a thapóidh í? Sa chluiche leathcheannais eile beidh súil ag muintir Chiarraí a chruthú go bhfuil tréimhse mháistreachta Átha Cliath críochnaithe go ceann tamaill agus beidh seanfhondúirí cumasacha fhoireann na hardchathrach ag iarraidh a thaispeáint nach bhfuil deireadh déanta go fóill. Beidh go leor ag brath, a deirtear, ar chic amach iontach na Ríochta agus an féidir le hÁth Cliath taoide na seilbhe a chasadh. Pléitear chomh maith an téarma oifigiúil nua Gaeilge ar an ‘two pointer’ agus insíonn Dara dúinne faoina laethanta i mbun anailíse le Joe Brolly. Caitear súil sciobtha siar ar bhabhtaí leathcheannais na hiománaíochta agus ar cliseadh Chorcaí. An raibh baint ag an iomarca fuilibiliú le teip na Reibiliúnach? Agus cé mhéad bonn uile Éireann atá buaite agatsa, a Dhara? Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
1 hr 8 min
Mura stróiceann Gaillimh nó contae an Chláir as a chéile script na mbabhtaí leathcheannais iománaíochta, is iad Luimneach agus Corcaigh a bheidh I bPáirc an Chrócaigh do chluiche ceannais na hÉireann ar an 19 Iúil. Ach an féidir le John Allen nó Pádraic Ó Ciardha cás a dhéanamh do na foirne nach bhfuil mórán ag tabhairt seans dóibh? Pléitear laigí agus láidreachtaí na bhfoirne go léir agus mínítear cén fáth gur tástáil do Chúige Laighean go léir atá sa chluiche idir Gaillimh agus Corcaigh. Tá Dara Ó Cinnéide linn chomh maith chun craobh peile na hÉireann (agus David Clifford) a mholadh go hard na spéire. Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
1 hr 6 min
Is ag triall ar Pháirc an Chrócaigh atá na foirne uilig atá fágtha i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann agus Dara Ó Cinnéide i dteannta Sheán Tadhg agus Phádraic chun plé a dhéanamh ar bhabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann. Sular caitheadh súil chun cinn ar an deireadh seachtaine, caitheadh súil siar ar chliseadh na gConallach agus Dún na nGall díbeartha ó chraobh na bliana seo. Ceistítear céard go díreach a d’athraigh idir an t-earrach agus an samhradh agus céard atá i ndán anois do Jim McGuinness agus ruainne míshuaimhneas le brath i measc lucht leanta an chontae den chéad uair. Agus cluichí an deireadh seachtaine seo romhainn faoi chaibidil, d’inis Dara dúinn faoin tionchar a bhíonn ag an mbrothall ar an gcaid agus cén fáth go dtabharfadh sé cúpla buidéal te caite sa mhullach ar na liathróidí sa mála aige nuair a bhíodh sé ag dul amach chun imirt i gCraobh Chiarraí Thiar. Pléadh an seans atá anois ag Gaillimh ar Chorn Mhig Uidhir agus slán fágtha ag péire de na piardaí móra, Dún na nGall agus Ard Mhacha, leis an gcraobh. Caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath ar dtús agus é léirithe ag fir na príomhchathrach nach bhfuil a rás rite go fóill. Mhínigh Dara dúinn cén fáth go bhfuil sé bréan a bheith ag caint ar na cluichí móra idir Ciarraí agus Tír Eoghain ag tús na mílaoise agus an chúis nach bhfuil mórán den chaint ‘dhera’ á dhéanamh ag iarimreoirí na Ríochta roimh chluiche an tSathairn. Tabharfaidh Corcaigh agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile roimh an chluiche sin agus deis mhór ann do na Corcaígh a gcumas a léiriú in aghaidh na gConnachtach, dream nach féidir léamh a dhéanamh orthu. Fiafraítear freisin an leanfar le feachtas iontach Mhuineacháin in aghaidh chontae Lú nó an mbéarfar orthu i bPáirc an Chrócaigh? Tugadh ómós chomh maith d’iarimreoir na Gaillimhe Paul Clancy, a chuaigh ar shlí na fírinne an tseachtain seo agus inste ag Dara cén fáth go raibh meas ar leith ar fhear Mhaigh Cuilinn i gCiarraí. Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
1 hr 7 min
Tá Dara Ó Cinnéide i dteannta Darren agus Pádraic ar eagrán na seachtaine de An Pod Spóirt chun súil a chaitheamh chun cinn ar chluichí móra peile an deireadh seachtaine. Beidh ar a laghad ceann de na trí fhoireann is mó atá á lua le Sam Maguire imithe as an gcraobh roimh an tarraingt do na babhtaí ceathrú ceannais agus seaimpíní 2024 agus 2025, Ciarraí agus Ard Mhacha, ag tabhairt aghaidh ar a chéile Dé Sathairn. Cé a bhuafaidh ‘comhrac na muc’ lár páirce i gCill Airne? Agus an éireoidh le Dún na nGall a bhfeachtas craoibhe a chur ar an mbóthar ceart arís in aghaidh Átha Cliath i bPáirc an Crócaigh, nó an bhfuil sé in am tosú ar ullmhú na gceisteanna faoi chur chuige Jim McGuinness? An féidir brath ar Mhaigh Eo agus iad in aghaidh chontae na Mí ag baile, nó an féidir brath orthu in aghaidh aon dream aon áit? Sa chluiche eile i mBabhta 3 tabharfaidh Muineachán agus an Iarmhí aghaidh ar a chéile. Is iad seo foirne agus mórghaiscígh na craoibhe go nuige seo ach tiocfaidh deireadh le samhradh stairiúil dream amháin acu Dé Domhnaigh. Cé acu dream? Tá John Allen linn chomh maith chun plé a dhéanamh ar bhabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe iomána, contae an Chláir in aghaidh Átha Cliath Dé Sathairn agus Corcaigh in aghaidh Uíbh Fhailí Dé Domhnaigh. An mbeidh freagra ag Áth Cliath i ndiaidh dóibh géilleadh go bog i gcluiche ceannais Chúige Laighean nó an iad contae an Chláir a bheidh sna cluichí leathcheannais? Agus cad faoi Chorcaigh in aghaidh Uíbh Fhailí? An mbrisfidh Ben O’Connor nós chun deis a thabhairt do chuid de na himreoirí nach bhfuil oiread sin imeartha fós acu? Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
54 min
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
57 min
Ní haon iontas é gur cúrsaí iománaíochta atá idir chamáin againn an tseachtain seo ar An Pod Spórt agus an uile dhuine ag súil go mór leis an gcath Chois Laoi idir Corcaigh agus Luimneach i gCúige Mumhan agus cluiche ceannais Chúige Laighean i bPáirc an Chrócaigh, mar a mbeidh Áth Cliath ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh chun Corn Bob O’Keefe a thabhairt leo den chéad uair ó 2013. Linn chun réamhanailís a dhéanamh ar an dá chluiche mór, tá John Allen, iarimreoir agus iarbhainisteoir le Corcaigh a bhí ina bhainisteoir chomh maith ar Luimneach agus Mark Foley duine de na himreoirí is fearr a bhí ag Luimneach riamh. Insíonn siad dúinn cá mbeidh an difríócht idir bris is bua ag an deireadh seachtaine agus tráchtann siad ar an mealladh a bhainneann le bheith ag féachaint ar dhráma nach bhfuil an script scríofa go fóill dó. Pléitear chomh maith cinneadh Derek Lyng éirí as mar bhainisteoir ar Chill Chainnigh agus an tábhacht a bhaineann le Cluiche Ceannais Chorn Joe McDonagh idir Ceathrlach agus Laois. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
49 min
Tá deireadh seachtaine na Cincíse linn, Comórtas Peile na Gaeltachta chugainn agus craobh na hÉireann ag dul i ndéine. Pléann Darren, Pádraic agus Dara eachtraí móra an deireadh seachtaine seo caite, an cath conspóideach i gCill Airne idir Ciarraí agus Dún na nGall san áireamh. Pléitear freisin caidreamh bainisteoirí leis an meáin agus deir Dara go mb’fhéidir go bhfuil leithscéal ag dul ó Jim McGuinness go dtí an t-iriseoir le Newstalk , Tommy Rooney. Caitear súil chun cinn chomh maith ar chluichí móra an deireadh seachtaine seo chugainn, Ard Mhacha in aghaidh Dhoire, Áth Cliath in aghaidh Chontae an Lú, an Iarmhí agus an Cabhán agus Muineachán i gcoinne Mhaigh Eo. Ar deireadh caitear súil chun cinn ar Chomórtas Peile na Gaeltachta agus tráchtar ar an athrú atá tagtha air. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
1 hr 4 min
Tá Dara Ó Cinnéide agus John Allen in éineacht linn an tseachtain seo chun féachaint chun cinn ar Chiarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCill Airne agus ar chluichí móra eile peile agus iomána an deireadh seachtaine. Tá neart ábhar cainte eile againn chomh maith. Cad a d’imigh ar Thiobraid Árann, curaidh na bliana seo caite san iomáint? An mbeidh Cill Chainnigh imithe ón gcraobh roimh thús an Mheithimh nó ag ceiliúradh a seachtú craobh Laighean as a chéile? Agus deireadh leis na craobhacha cúige an mbeidh buntáiste ag an gcéad chéim eile ag na foirne nár bhain an cluiche ceannais amach? Tá conspóid arís faoi chluichí íoc ar amharc ar GAA+ ach cén leigheas atá ar an scéal? Agus cad faoin imreoir de chuid na Gaillimhe a d’fhéadfadh a bheith ag triall ar ‘Love Island’? Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
59 min
Tá an t-iarbhainisteoir agus iar-imreoir ó Chorcaigh John Allen agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide i dteannta Darren agus Pádraic an tseachtain seo chun féachaint ar chraobhacha na gcúigí sa pheil agus san iomáint. Caitear súil siar ar lá speisialta i bPáirc de hÍde, áit ar imigh muintir Ros Comáin le gealaigh nuair a fuair a bpeileadóirí an ceann is fearr ar Ghaillimh i gcluiche ceannais Chúige Chonnacht. Bhí daoine an-tógtha le luas imreoirí Ros Comáin ach cé hiad giorraithe eile CLG agus cén áit is fearr do chluiche ceannais cúige? Cé go raibh Ciarraí ar leathchois i gCill Airne bhí bua maith acu ar Chorcaigh mar sin féin i gcluiche ceannais na Mumhan. Ach cad é an scéal leis na gortuithe go léir atá ag cur as d’fhoireann Jack O’Connor. Is é seal Chúige Laighean agus Chúige Uladh é an deireadh seachtaine seo romhainn ach cé a thabharfaidh an lá leo? An deis ghlórmhar é seo don Iarmhí agus do Mhuineacháin nó an mbeidh Áth Cliath agus Ard Mhacha rómhaith dóibh? Níl aon easpa scéalta ach oiread i gcraobh na hiománaíochta. Tá curaidh na hÉireann ó 2024 agus 2025, contae an Chláir agus Tiobraid Árann, ag tabhairt aghaidh ar a chéile i Staid Semple agus bua ag teastáil go géar ón dá fhoireann más leo teacht slán ó chíor thuathail chraobh na Mumhan? Agus an bhféadfadh sé tarlú nach dtiocfadh Cill Chainnigh amach as craobh Laighean? Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
55 min
Ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Spórt, pléitear cluichí móra peile an deireadh seachtaine seo chugainn i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht. Insíonn Dara dúinn cad ina thaobh gur dóigh leis go bhfuil luíochán ag teacht ó Chorcaigh i gCill Airne agus móidíonn sé nach caint ‘dhera’ an Chiarraígh atá aige. Níl Pádraic chomh cinnte céanna. Tráchtar ar na buanna atá léirithe ag Ros Comáin i mbliana agus ar an ngá atá acu a thaispeáint do chleas na Gaillimhe nach foireann ‘thuas seal, thíos seal’ iad nach féidir brath orthu an beart a dhéanamh ar a bpaiste féin. Caitear tamall chomh maith ag plé píosa ‘ealaíne’ ón taobhlíne Jack McCarron do Mhuineacháin an tseachtain seo caite agus saothar cuid na máistrí eile ar an gceird sin, leithéidí Maurice Fitzgerald, Michael Meehan agus, creid nó ná creid, duine de chriú An Pod Spórt féin. Cuimhníonn Dara chomh maith ar chomhairle mhaith a chuala sé ar pháirc na himeartha in aghaidh na Ceathrún Rua fadó. Ar deireadh déantar plé ar tharraingt na seachtaine don chéad bhabhta eile den chraobh peile agus cuirtear an cheist, an bhfuil cleas na gcamán níos fearr i mbun margaíochta? Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
41 min
In éineacht le Darren agus Pádraic ar An Pod Spórt an tseachtain seo, tá an t-iarbhainisteoir agus iar-imreoir ó Chorcaigh John Allen agus an t-iar-imreoir de chuid Chiarraí Dara Ó Cinnéide. Pléitear i dtosach le John scéal na gcraobhacha iomána go n-uige seo agus cluiche mór an deireadh seachtaine seo chugainn idir contae an Chláir agus Luimneach in Inis. Agus Luimneach d’uireasa a gcaptaein, Cian Lynch atá ar fionraí agus an-amhras i gcónaí ann faoina bpríomhnaoscaire Aaron Gillane, an deis iontach é seo ag an gClár an ceann is fearr a fháil sa bhaile ar na comharsana? Ina dhiaidh sin, tá Dara linn chun súil a chaitheamh ar chúrsaí peile agus ar ghaisce an Dúin in aghaidh Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite, toradh a tháinig aniar aduaidh ar chách, go háirithe Darren. Ach an mbeidh an dara seift in imeacht seachtaine ag contae an Dúin agus aghaidh á tabhairt acu ar Ard Mhacha i gCluain Eois i mbabhtaí leathcheannais Chúige Uladh? Agus cad faoi chluichí leathcheannais Chúige Laighean? An bhfuil an ceart ag Dara go bhfuil Áth Cliath chomh leochaileach is a bhí aon uair ó 1973 nuair a bhuaigh contae Lú go deireanach sa chraobh? Agus más ionann Áth Cliath agus Liverpool faoi láthair cé hé Mo Salah na nDubanna? Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
1 hr 14 min
Tá na craobhacha peile agus iomána faoi lán seoil anois agus cluichí móra ó cheann ceann na tíre romhainn an deireadh seachtaine seo. An tseachtain seo ar ‘An Pod Spórt’ bhí iar-iománaí Chláir, Paul Flanagan, agus iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide in éineacht le Seán Tadhg agus Pádraic chun súil a chaitheamh ar a bhfuil romhainn. San iomáint, tá daoine ag súil go mór leis an gcluiche i gCraobh na Mumhan idir Luimneach agus Corcaigh Dé Domhnaigh agus na Corcaígh ag iarraidh na ceachtanna a foghlaimíodh ó chluiche ceannais na sraithe a chur i bhfeidhm. Seans gurb é an cluiche eile sa gcúige an ceann is tábhachtaí, áfach. Tá seaimpíní na hÉireann, Tiobraid Árann, i mbaol agus toradh maith ag teastáil uathu óna dturas chuig Port Láirge. Pléitear cás Chill Chainnigh chomh maith tar éis d’fhoireann Derek Lyng greadadh eile a fháil ó Ghaillimh i mBóthar na Trá. Sa bpeil, tá agallamh againn le himreoir na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin, agus é ainmnithe ina Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael. Labhair Seán ar bhliain na nGaillmheach go dtí seo, ar an bhfeachtas atá rompu agus ar an sásamh atá á bhaint aige as an bpeil i ré na rialacha nua. Caitear súil chomh maith ar an gcluiche mór i gcúige Chonnacht an deireadh seachtaine seo agus Maigh Eo ag tabhairt aghaidh ar Ros Comáin agus ar an gcluiche idir Dún na nGall agus an Dún i gCúige Uladh. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
52 min
Tá an t-iarbhainisteoir idirchontae John Allen linn ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Spórt’ chun féachaint chun cinn ar an chraobh In éineacht le Darren agus Pádraic chun súil chun cinn a chaitheamh ar Chraobh Iomána na hÉireann 2026, tá John Allen, iarbhainisteoir ar Chorcaigh agus Luimneach agus iarimreoir le Corcaigh. Cé a thiocfaidh slán as Cúige Mumhan agus Cúige Laighean i mbliana? Cén fáth go bhfuil imní ar John Allen faoina bhfuil i ndán dá chontae dúchais in aghaidh churaidh na hÉireann, Tiobraid Árann Dé Domhnaigh? An bhfuil port na gCat seinnte ar deireadh? An bhfuil gealladh faoi Ghaillimh? Conas a éireoidh le foirne Roinn 1B, contae an Chláir agus Áth Cliath? An bhfuil seans ar bith ag Port Láirge? Agus an stopfaidh aon duine Luimneach ar deireadh thiar? Pléitear na ceisteanna sin go léir ar an gcéad eagrán iománaíochta de ‘An Pod Spórt’ an séasúr seo. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
51 min
An deireadh seachtaine seo a chuirfear tús le craobh peile idirchontae na bliana seo agus cluichí againn ó na ceithre chúige. Tá iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide in éineacht le Darren agus Pádraic chun súil a chaitheamh chun cinn ar an samhradh atá romhainn agus, roimhe sin, chun súil siar a chaitheamh ar na ceachtanna a bhí le foghlaim ón tsraith agus ó bhua cuimsitheach Dhún na nGall sa gcluiche ceannais. Meastar go mbeidh na craobhacha sna ceithre chúige, Ulaidh, Connachta, Laighin agus Mumhain, níos iomaíche ná mar a bhí le blianta fada anuas agus Ciarraí ar an t-aon dream amháin a bheadh go láidir mar rogha na coitiantachta chun greim a fháil ar Chorn. Is i gcúige Uladh atá an cluiche mór an deireadh seachtaine seo agus Tír Eoghain agus Ard Mhacha ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Cé go bhfuil go leor den tuairim go mbeidh Dún na nGall agus Ciarraí ar ais le chéile i gcluiche ceannais na hÉireann i mbliana, tugann Dara ceacht beag Laidine dúinn agus é ag míniú go bhféadfadh fir Kieran McGeeney sleamhnú isteach agus an aird ar na foirne eile. Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie . ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
14 min
San eagrán gearr speisialta seo de ‘An Pod Spórt’ tá Maidhc Sé, rí na dtráchtairí, linn chun labhairt faoina chlub, Cumann Caide na Gaeltachta, atá ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh
1 hr 3 min
In éineacht le Darren Ó Dubhgáin chun féachaint siar ar bhliain mhór spóirt, bhí Dara Ó Cinnéide, John Allen agus Pádraic Ó Ciardha. Roghnaigh siad na scéalta agus na laochra is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu in 2025 agus chaith siad súil chun cinn ar chuid dá bhfuil i ndán dúinn i saol an spóirt an bhliain seo chugainn.
Bring this source into Mato to analyze its transferable patterns and turn them into an original show concept for your audience.
Create a show inspired by this